send link to app

GaelGoer app for iPhone and iPad


4.8 ( 1328 ratings )
Business
Developer: Datadyne
Free
Current version: 1.8, last update: 1 year ago
First release : 24 Sep 2021
App size: 44.53 Mb

Bronnadh and Séala Eorpach Teanga 2019 ar an tinscadal Labhair Gaeilge Liom agus GaeilgAip/GaelGoer.

De réir tuairiscí ar an nGaeilge le déanaí, ceann de na fáthanna nach labhrann cainteoirí Gaeilge an teanga lena chéile is ea nach n-aithníonn siad a chéile go héasca.

Thástálamar an hipitéis seo le triail choicíse i ndeich gcinn de shiopaí i mBaile Átha Cliath ina raibh cainteoirí Gaeilge ag obair. Le linn na coicíse chaith oibrithe suaitheantas a raibh ‘Labhair Gaeilge Liom’ scríofa air. Choimeádadar taifead ar líon na gcustaiméirí a labhair Gaeilge leo thar an dá sheachtain. Is é an toradh a fuaireadar ná gur labhair ó dhuine amháin go seachtar Gaeilge leo gach lá.

Tá cainteoirí Gaeilge i ngach cearn den domhan anois. Chinn foireann an tionscadail ar aip a fhorbairt le caoi a sholáthar do chainteoirí Gaeilge cumarsáid a bheith acu lena chéile. Chuireadar suirbhé ar Survey Monkey lena fháil amach ar shuim le cainteoirí Gaeilge a leithéid d’aip agus cad é ar mhaith leo go soláthródh an aip dóibh. Tháinig freagraí ar an suirbhé ó chainteoirí ar fud an domhain, agus is é an toradh ná ’Ar aghaidh leis an Aip’. Chomh maith le sin fuaireamar go leor moltaí úsáideacha maidir lena bhféadfaí a dhéanamh leis an aip.